An tSean Bheairic
Ionad Ealaíne agus Cultúrtha



Anseo i Sean Bheairic na bpéas ar na Croisbhealaí tá ionad bríomhar beoga cultúir, oideachais agus oidhreachta. Bíonn fearadh na fáilte roimh an chuairteoir i gcónaí anseo agus tá taispeántas ar stair an fhoirgnimh agus an cheantair le fáil taobh istigh a gcuirfear suim mhór ann. Tá scoith an chaifé, an bhia agus ollmhaitheasaí éagsúla le fáil inár gCaifé.

Ionad Seirbhísí Teanga atá sa tSean Bheairic agus cuireann muid ar fáil réimse leathan ranganna Gaeilge sa phobal agus muid ag cuidiú le neartú na teanga dúchais sa cheantar álainn Gaeltachta seo. Lena chois sin, cuireann muid ar fáil clár cuimsitheach sna healaíona dúchasacha agus bíonn ranganna agus imeachtaí d’óg agus aosta againn san amhránaíocht ar an tsean-nós, sa damhsa ar an tsean-nós agus sa scéalaíocht. Bíonn ranganna oíche againn do dhaoine fásta i gcuid mhór ábhar éagsúil. Eagraíonn muid Féile na Sean Bheairice agus Corn Éamoinn Ghráinne achan bhliain mar cheiliúradh ar an amhránaíocht, an damhsa agus an ceol agus gach geimhreadh bíonn Féile Scéalaíochta na Glaise againn ina gcluintear an chuid is fearr de scéalaithe an cheantair.
.

Caifé

Caifé ag An tSean Bheairic, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall, Éire
Smailceanna agus sólaistí blasta chomh maith le réimse leathan de cheapairí agus panínithe.

Tuilleadh Eolais...

Siopa Ceardaíochta

Siopa Ceardaíochta ag An tSean Bheairic, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall, Éire
Féiríní, ceardaíocht áitiúil, leabhair agus dlúthdhioscaí.


Tuilleadh Eolais...

Suíomh


An tSean Bheairic
An tSráid Mhór
An Fál Carrach
Co. Dhún na nGall
F92 YE2C

Teagmháil


+353 (0)74 9180655

eolas@antseanbheairic.ie