Fá dTaobh Dúinn

Tógadh an foirgneamh stairiúil dhá urláir seo i dtús báire sa bhliain 1890 mar Bheairic Phéas an Fháil Charraigh. Ba mar sin a bhí sé go dtí gur aistríodh anonn chuig na Gardaí Síochána é sa bhliain 1920. Ar ndóighe, ba tréimhse chorraitheach i stair na tíre í seo agus b’iomaí sin eachtra dhrámatúil a bhain don fhoirgneamh féin. Tá taispeántas buan fá stair an fhoirgnimh agus an cheantair le le feiceáil taobh istigh den ionad, rud a mbeidh suim ag cuairteoirí agus daoine araon áitiúla ann.
Oifigeach RIC le rothar. An tSean Bheairic, Caifé, Siopa Ceardaíochta, Pointe Eolais le Fáilte Ireland, Ionad Seirbhísí Teanga & Ionad Cuartaíochta  i Sean Bheairic an RIC ar an Fhál Charrach, Co. Dhún na nGall, ÉireOibrithe Deonacha Áitiúla in Óglaigh na hÉireann (IRA) os comhair sheanbheairic an RIC. An tSean Bheairic, Caifé, Siopa Ceardaíochta, Pointe Eolais le Fáilte Ireland, Ionad Seirbhísí Teanga & Ionad Cuartaíochta ar an Fhál Charrach, Co. Dhún naEithne Coyle, gníomhaí poblachtánach as Cill Ulta, An Fál Carrach, 1920idí. An tSean Bheairic, Caifé, Siopa Ceardaíochta, Pointe Eolais le Fáilte Ireland, Ionad Seirbhísí Teanga & Ionad Cuartaíochta, Co. Dhún na nGall, Éire

Ionad Oidhreachta

Taispeántais fá stair an cheantair agus dhá thaispeántas closamhairc.

Eolas Turasóireachta Fáilte Ireland

Eolas ar lóistín, áiteanna le hithe iontu, cosáin siúil, léarscáileanna, treoraithe, leabhair, áiteanna arbh’fhiú cuairt a thabhairt orthu, rudaí le déanamh agus imeachtaí áitiúla agus náisiúnta.

Caifé

Smailceanna agus sólaistí blasta chomh maith le réimse leathan de cheapairí agus panínithe.

Siopa Ceardaíochta

Féiríní, ceardaíocht áitiúil, leabhair agus dlúthdhioscaí.

Áiseanna Comhdhála

Halla comhdhála ar fáil fá choinne seimineáir, comhdhála, ceardlanna, traenála, agallaimh agus cruinnithe boird. Áit ann do chaoga duine. Trealamh closamhairc ar fáil chomh maith le scáileán agus teilgeoir.

Leabharlann

Mar chuid de Leabharlann Dhún na nGall.

Oideachas

Ranganna d’óg agus aosta i rith na bliana.
Oideachas sa tSean Bheairic. An tSean Bheairic, Caifé, Siopa Ceardaíochta, Pointe Eolais le Fáilte Ireland, Ionad Seirbhísí Teanga & Ionad Cuartaíochta  i Sean Bheairic an RIC ar an Fhál Charrach, Co. Dhún na nGall, Éire Oideachas sa tSean Bheairic. An tSean Bheairic, Caifé, Siopa Ceardaíochta, Pointe Eolais le Fáilte Ireland, Ionad Seirbhísí Teanga & Ionad Cuartaíochta  i Sean Bheairic an RIC ar an Fhál Charrach, Co. Dhún na nGall, Éire
Oideachas sa tSean Bheairic. An tSean Bheairic, Caifé, Siopa Ceardaíochta, Pointe Eolais le Fáilte Ireland, Ionad Seirbhísí Teanga & Ionad Cuartaíochta, Co. Dhún na nGall, ÉireOideachas sa tSean Bheairic: Caifé, Siopa Ceardaíochta, Pointe Eolais le Fáilte Ireland, Ionad Seirbhísí Teanga & Ionad Cuartaíochta  i Sean Bheairic an RIC ar an Fhál Charrach, Co. Dhún na nGall, Éire


Cuimhní Cinn an Choiste


Cúig Bliana 's Fiche den tSean Bheairic 1997 - 2022

Suíomh


An tSean Bheairic
An tSráid Mhór
An Fál Carrach
Co. Dhún na nGall
F92 YE2C

Teagmháil


+353 (0)74 9180655

eolas@antseanbheairic.ie