Ríomhphost:eolas@antseanbheairic.ie, An tSean Bheairic: Ionad Cuartaíochta an Fháil Charraigh, Uaireanta oscailte Luan-Aoine 10 r.n. - 5 i.n. | Sat 11 r.n. - 5 i.n., Fón: 00353 74 9180655

An tSean Bheairic
Fáilte chuig An tSean Bheairic: Ionad Cuartaíochta an Fháil Charraigh!





Anseo i Sean Bheairic na bpéas ar na Croisbhealaí tá ionad bríomhar beoga cultúir, oideachais agus oidhreachta. Bíonn fearadh na fáilte roimh an chuairteoir i gcónaí anseo agus tá taispeántas ar stair an fhoirgnimh agus an cheantair le fáil taobh istigh a gcuirfear suim mhór ann. Tá scoith an chaifé, an bhia agus ollmhaitheasaí éagsúla le fáil inár gCaifé.

Ionad Seirbhísí Teanga atá sa tSean Bheairic agus cuireann muid ar fáil réimse leathan ranganna Gaeilge sa phobal agus muid ag cuidiú le neartú na teanga dúchais sa cheantar álainn Gaeltachta seo. Lena chois sin, cuireann muid ar fáil clár cuimsitheach sna healaíona dúchasacha agus bíonn ranganna agus imeachtaí d’óg agus aosta againn san amhránaíocht ar an tsean-nós, sa damhsa ar an tsean-nós agus sa scéalaíocht. Bíonn ranganna oíche againn do dhaoine fásta i gcuid mhór ábhar éagsúil. Eagraíonn muid Féile na Sean Bheairice agus Corn Éamoinn Ghráinne achan bhliain mar cheiliúradh ar an amhránaíocht, an damhsa agus an ceol agus gach geimhreadh bíonn Féile Scéalaíochta na Glaise againn ina gcluintear an chuid is fearr de scéalaithe an cheantair.
.

Caifé

Caifé ag An tSean Bheairic, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall, Éire
Smailceanna agus sólaistí blasta chomh maith le réimse leathan de cheapairí agus panínithe.

Tuilleadh Eolais...

Siopa Ceardaíochta

Siopa Ceardaíochta ag An tSean Bheairic, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall, Éire
Féiríní, ceardaíocht áitiúil, leabhair agus dlúthdhioscaí.


Tuilleadh Eolais...

Caifé, Siopa Ceardaíochta, Pointe Eolais le Fáilte Ireland, Ionad Seirbhísí Teanga i Sean Bheairic an RIC ar an Fhál Charrach
An tSean Bheairic, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall, Éire
Léarscáil Stairiúil Idirghníomhach de Chloch Cheann Fhaola

An tSean Bheairic, An Fál Carrach

Ainm Teagmhála: Caroline Mc Brearty
Ríomhphost: eolas@antseanbheairic.ie
Fón: +353749180655
Gréasán: www.antseanbheairic.ie


Polasaí Gaeilge

An tSean Bheairic ar Facebook
An tSean Bheairic ar Instagram
An tSean Bheairic ar YouTube